skip to main content

Harris neamhaithreach faoi fhíseán a d'fhoilsigh FG

Ceannaire Fhine Gael, an Tánaiste Simon Harris
Ceannaire Fhine Gael, an Tánaiste Simon Harris

Dúirt ceannaire Fhine Gael, an Tánaiste Simon Harris, nach bhfuil aithreachas air faoi fhíseán a d'fhoilsigh an páirtí sin maidir le hiarrthóir na heite clé sa toghchán Uachtaránachta Catherine Connolly.

Is í Heather Humphreys ó Fhine Gael an t-aon iarrthóir eile sa toghchán agus san fhíseán a foilsíodh mar chuid dá feachtas cuirtear fimínteacht i leith Catherine Connolly, ar abhcóide í, faoin obair a rinne sí ar son na mbanc sa tír seo i gcásanna athshealbhaithe.

Seachas an físeán sin, thug Simon Harris le fios go raibh aithreachas air nach raibh Catherine Connolly sásta ceisteanna fhreagairt faoin mbaint a bhí aici le cásanna athshealbhaithe.

Dúirt sé gur thuig sé na dualgais ar bhí ar abhcóidí i gcásanna mar iad ach ag an am céanna, arsa sé, níor chóir do dhaoine rudaí a rá go poiblí a thagann salach ar an méid a dhéanann siad.

Tuairíscítear ar nuachtán an Irish Daily Mail inniiu go raibh Catherine Connolly fostaithe mar abhcóide ag banc a bhí ag iarraidh teach a athshealbhú ó lánúin óg i nGaillimh in 2013.

Dúirt Catherine Connolly go raibh an lochtú a bhí Fine Gael a dhéanamh uirthi, go raibh sé tar éis í a láidriú.

Thug sí le fios gur fhostaigh daoine éagsúla agus eagraíochtaí éagsúla í nuair a bhí sí ag obair mar abhcóide agus dúirt nár cheart í a cheangal go pearsanta le haon dream a raibh sí ag obair dóibh.

Tá Páirtí an Lucht Oibre ag tacú le Catherine Connolly sa toghchán Uachtaránachta agus dúirt ceannaire an pháirtí sin Ivana Bacik go raibh freagra chomh maith agus a d'fhéadfadh sí tugtha ag an iarrthóir ar an gceist.

Mhaígh Ivana Bacik freisin gur beartaíocht ghránna ag Fine Gael é an scéal a bhoilsciú.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ