Gearradh 15 bliain go leith de théarma príosúnachta ar fhear 22 bliain d'aois a rinne iarracht cailín a mbíodh sé mór léi tráth a dhúnmharú.
D'fhág Josh O'Brien drochbhail ar Niamh Kelly nuair a d'ionsaigh sé í ar an tsráid i mBaile Átha Cliath i Meán Fómhair 2024.
Áirítear gur mhair an t-ionsaí 6 nóiméad agus gur sáthadh Niamh Kelly suas le 50 huair ar fad le linn an ama sin.
21 bliain d'aois a bhí Niamh Kelly ag an am agus d'fhág na gortaithe a d'fhulaing sí go raibh uirthi 7 mí a chaitheamh san ospidéal.
Ionsaí brúidiúil a bhí anseo a dúradh, nach raibh aon ghá leis agus a d'fhág bean óg in anchaoi.