skip to main content

An t-iarchraoltóir Anne Craig tar éis bháis

Scamall an bhróin le braith i BBC Feabhal agus Anne Craig ar lár
Scamall an bhróin le braith i BBC Feabhal agus Anne Craig ar lár

Tá ómós tugtha i nDoire don iarchraoltóir Áine nó Anne Craig, a fuair bás Dé Sathairn.

Bhí tionchar nach beag aici ar imeachtaí sa chathair sin i gcaitheamh na mblianta, go háirithe ó thaobh an chultúir agus na healaíne de.

Ba é a príomhghairm ná a hobair mar léiritheoir agus mar láithreoir ar chláracha Gaeilge ar BBC Feabhal agus Raidió Uladh.

Ina theannta sin, is iomaí agallamh a rinne sí le Nuacht TG4 ó bunaíodh an stáisiún sin i 1996 faoi cheisteanna chúrsaí reatha i gCúige Uladh.

Doire, an chathair a raibh Anne Craig ag feidhmiú formhór a saoil oibre

Bhí sí freisin ar dhuine de bhunaitheoirí an 'Millenium Forum' i nDoire.

Deirtear go raibh sí lárnach le traidisiún Nollaig na mBan a athbheochan sa chathair.

Bhí baint mhór aici féin agus a fear, Jim, le cúrsaí drámaíochta i nDoire, go háirithe an 'Derry Theatre Club', áit a raibh ceangal 20 bliain acu leis.

Bhí páirt ag Anne i ndrámaí mar 'Men Without Shadows', 'The Queen and the Rebels' agus 'The Loves of Cass McGuire'.

Ba ó Phort Láirge Anne Craig ó dhúchas, ach bhog sí go Doire i ndiaidh di pósadh.