Tá leide tugtha go bhféadfadh Páirtí na Comhghuaillíochta (Alliance) i dTuaisceart Éireann dul siar ar an tacaíocht a thug siad do pholasaí comharthaíochta sráide dátheangach Chomhairle Chathair Bhéal Feirste.
Cé gur vótáil an páirtí ar son an pholasaí, dúirt ceannaire an pháirtí le cúpla lá anuas nár thug siad ach tacaíocht d'iarratais nuair a bheadh móramh na n-áitritheoirí i bhfábhar na comharthaíochta sráide.
Tá an chomharthaíocht sráide a bhfuil sé beartaithe í a bheith i nGaeilge chomh maith le Béarla ar shráideanna áirithe in oirthear agus i ndeisceart Bhéal Feirste ag cothú neart conspóide le tamall.
Tá páirtí an DUP glan i gcoinne na comharthaíochta Gaeilge.
Dhá réir, tá roinnt dílseoirí sna pobail Aontachtach i ndiaidh labhairt amach an pholasaí go láidir, iad ag tabhairt le fios go bhfuil an Ghaeilge á brú orthu.
Tá roinnt damáiste déanta freisin do chomharthaí in áiteanna ar leith.
Díol imní don 'Alliance' an t-aighneas seo uilig, mar gur sna ceantair chonspóideacha in oirthear Bhéal Feirste ab fhearr a chruthaigh ceannaire an pháirtí,Naomi Long sa toghchán deiridh.
Tá 11 suíochán ar fad ag an 'Alliance' idir na ceantair seo ar fad.
Séanann an páirtí áfach go bhfuil athrú ar bith ar an mbunsheasamh atá aige ar an gceist seo.