Tá an t-iriseoir aitheanta Ed Moloney tar éis bháis.
Bhí sé 77 bliain d'aois.
Chuir pobal na tíre seo thuaidh agus theas an-aithne air a bhuíochas nach beag dá chuid tráchtaireachta ar aimsir na dTrioblóidí i dTuaisceart Éireann.
Scríobh Ed Moloney don iris 'Magill' chomh maith leis na nuachtáin, 'The Irish Times' agus 'The Sunday Tribune'.
Scríobh sé leabhra freisin, ina measc 'A Secret History of the IRA' agus 'Voices from the Grave: Two Men's War in Ireland'.
Cailleadh Ed Moloney i Nua Eabhrac Dé hAoine seo caite, áit a raibh sé ag obair agus ag maireachtáil le tamall de bhlianta.
Maireann a bhean chéile Joan McKiernan agus a mhac,Ciarán.