skip to main content

Suíomhanna idirlín agus aipeanna imithe as líne ar feadh tamaill

HANOVER, GERMANY - MARCH 31: The AWS Amazon Web Services pavilion stands are seen at the 2025 Hannover Messe industrial trade fair on March 31, 2025 in Hanover, Germany. The fair, which showcases German and international industrial production, is taking p
'Amazon Web Services'

D'imigh na céadta suíomh idirlín agus aipeanna as líne inniu.

Fadhb theicniúil leis an gcomhlacht néal ríomhaireachta 'Amazon Web Services' faoi ndear é seo a dúradh.

Tá an chuma air nach raibh tionchar mór aige anseo in Éirinn.

Níorbh amhlaidh sin i ndlínsí eile ar fud an domhain áfach.

Ghoill an fhadhb ar shuíomhanna áirithe, ina measc 'Snapchat', 'Duolingo', 'Zoom' agus 'Lloyds Bank'.

Deir Amazon Web Services go bhfuil an fhadhb bhunúsach socruithe aige ach go dtógfaidh sé tamall sula mbeidh an córas curtha ina cheart ar fad.