skip to main content

Triail lánúin Donaldson curtha ar atráth arís

Jeffrey Donaldson
Jeffrey Donaldson

Tá triail iar-cheannaire an DUP,Jeffrey Donaldson agus a bhean chéile Eleanor, a bhfuil cúiseanna i dtaca le coireanna gnéis tugtha ina gcoinne, curtha ar atráth don dara babhta.

Sin toisc é bheith tugtha le fios nach bhfuil sláinte Eleanor Donaldson ró-mhaith.

Deir breitheamh inniu go bhfuil sé chomh dócha anois nach dtosóidh an triail seo go dtí an bhliain seo chugainn.

Ba i mí na Márta seo caite an chéad dáta a bhí tugtha do thús na trialach seo, cuireadh siar ansin é go tús na míosa seo chugainn ach dúradh inniu nach dtosóidh sé faoin tráth sin ach oiread.

18 cúis ar fad atá tugtha i gcoinne Jeffrey Donaldson, cúis éignithe san áireamh.

Tá 5 chúis tugtha i gcoinne Eleanor Donaldson, iad sin bainteach le bheith ag tacú lena fear céile agus é i mbun na coiriúlachta seo más fíor.

Tá an chúirt ag fanacht anois ar thuairisc leighis i dtaca le sláinte Eleanor Donaldson agus déanfar athbhreithniú ar an gcás arís ar an 13Samhain.