Sa gCúirt Choiriúil Speisialta gearradh 2 bhliain agus 8 mí de théarma príosúnachta ar fhear 37 bliain d'aois a ciontaíodh i sciúradh airgid.
D'admhaigh Richard Treacy gur úsáid sé €100,000 d'airgead a tháinig chuige de bharr na coiriúlachta le cóir a chur ar a theach cónaithe i gceantar Gharraí Eoin i Luimneach.
Bhí an teach in ainm a mháthar ach is ann a bhí sé féin, a pháirtí agus a pháistí ag cur fúthu.
Seachas íocaíocht leasa-shóisialaigh ní raibh aon ioncam dleathach a dúradh ag Treacy ag an am.
Ní raibh aon taifead ann ach an oiread go raibh Treacy riamh fostaithe.
Dúradh freisin go raibh ceangal aige le haighneas idir buíonta coirpeach i Luimneach.