Leantar ar aghaidh inniu leis an bhfeachtas do Thoghchán na hUachtaránachta.
Beidh na hiarrthóirí Catherine Connolly (Neamhspleách) agus Heather Humphreys (Fine Gael) ar a ndícheall ag iarraidh dul i gcion ar vótóirí agus an pobal ag tabhairt aghaidh ar na bothanna faoi cheann 4 lá.

Is i Loch Garman a bhí Heather Humphreys i mbun canbhasála ar maidin, agus tabharfaidh sí roinnt agallamh do na meáin níos deireanaí sa lá.
Tá feachtas láidir ar bun aici faoi láthair ag caitheamh amhrais ar an iarrthóir eile, Catherine Connolly i dtaca leis an obair a rinne Catherine Connolly mar abhcóide roinnt blianta ó shin nuair a ghníomhaigh sí ar son na mbanc i gcásanna áirithe.
Deir Heather Humphreys go bhfuil Catherine Connolly ag labhairt as dhá thaobh a béil i dtaca leis an mbealach a chaitheann bainc le daoine áirithe, 'á gcáineadh ar lámh amháin agus ansin ag déanamh ionadaíochta ar a son ar lámh eile' mar a deir sí.
Tá an ghné seo de fheachtas Humphreys cáinte go láidir ag lucht tacaíochta Chatherine Connolly, ina measc ceannaire na nDaonlathach Sóisialta,Holly Cairns agus ceannaire an Lucht Oibre,Ivana Bacik.
Deir Ivana Bacik gur ionsaí ar phrionsabal bunúsach bainteach le cúrsaí dlí atá ar bun ag feachtas Humphreys agus go bhfuil sé contúirteach a bheith ag cáineadh abhcóidí bunaithe ar an gcliant a labhraíonn siad ar a shon.

In agallamh ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, deir an Teachta Catherine Connolly gur léir go bhfuil faitíos ar fheachtas Humphreys faoina pobalbhreitheanna a léiríonn cé is ansa leis an bpobal faoi láthair.
San agallamh céanna dúirt Catherine Connolly go raibh rogha ag an bpobal vóta a chaitheamh d'iarrthóir atá fite fuaite leis na sean-pholasaithe céanna nó vóta a thabhairt d'iarrthóir atá ag iarraidh go n-imeodh an tír ar mhalairt treo.
Is i mBaile Átha Cliath atá Catherine Connolly i mbun canbhasála inniu.
Caithfidh an pobal vóta i dToghchán na hUachtaránachta Dé hAoine seo chugainn, an 24Deireadh Fómhair.