skip to main content

'Sos comhraic i bhfeidhm in athuair i Gaza'-Iosrael

Cúnamh daonchabhrach ag teastáil go géar i Gaza
Cúnamh daonchabhrach ag teastáil go géar i Gaza

Tá toscairí ó Stát Aontaithe Mheiriceá in Iosrael inniu.

Sin iad Steve Witkoff agus Jared Kushner.

Tá iarrachtaí ar bun acu an sos cogaidh do Stráice Gaza a socraíodh roinnt mhaith laethanta ó shin, a bhrú chun cinn.

Palestinians returning to the Sabra neighborhood in Gaza City
Muintir Gaza agus iad ar a ndícheall ag iarraidh maireachtáil

Deir oifigigh leighis le Gaza gur maraíodh ar a laghad 45 duine sa stráice inné a bhuíochas d'ionsaithe ó arm Iosrael.

Rinneadh na hionsaithe i ndiaidh mharú bheirt saighdiúirí le Iosrael i ruathar a tugadh faoi chathair Rafah.

Deir treallchogaithe Hamas nach bhfuil aon eolas acusan faoin ionsaí sin, deir Iosrael áfach gurb é Hamas a bhí freagrach.

Dúirt Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump níos túisce go bhfuil an sos comhraic thall ansin fós i bhfeidhm agus nach gcreideann sé go raibh aon bhaint ag Hamas le haon sárú a rinneadh i gcaitheamh an deireadh seachtaine.

Naoi lá ó cuireadh an sos comhraic i nGaza i bhfeidhm, tá líon na marbh ag méadú arís.

Tuairiscítear gur maraíodh triúr i nGaza ar maidin inniu.

Thug Gníomhaireacht na Náisiún Aonaithe le haghaidh Dídeanaithe Palaistíneacha (UNWRA) le fios go bhfuil cabhair dhaonnúil á scaoileadh isteach go Gaza ach nach leor é le freastal ar an éileamh atá ann.

Tá sé ráite arís ag eagraíochtaí fóirthinte go bhfuil géarghá leis an gcabhair dhaonnúil agus nach féidir le hIosrael leanacht le haon bhacanna ar an mbealach isteach sa stráice.