skip to main content

'Síochán ag teastáil ón Rúis'-Donald Trump

An tUachtarán Trump (ar chlé) agus an tUachtarán Zelenskyy
An tUachtarán Trump (ar chlé) agus an tUachtarán Zelenskyy

'Táim cinnte go bhfuil an Rúis toilteanach dul i dtreo na síochána sna seachtainí romhainn, mar sin fágfaidh muid na diúracáin 'Tomahawk' go leataobh go fóill'.

Sin a dúirt Uachtarán Mheiriceá,Donald Trump le hUachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy tráthnóna.

Bhí sé ag labhairt le linn an chruinnithe a bhí eatarthu sa Teach Bán i Washington.

Lorg an tUachtarán Zelenskyy breis cúnamh míleata do fhórsaí na hÚcráine ina gcogadh leis an Rúis atá ar bun anois le breis is 3 bliana go leith, agus spéis ar leith aige sna diúracáin fadraonacha atá ag Meiriceá.

Creideann an tUasal Zelenskyy go lorgóidh an Rúis an tsíochán má bhuaileann an Úcráin spriocanna áirithe sa Rúis le diúracáin fadraonacha.

Deir seisean áfach nach bhfuil an Rúis chomh meáite ar an tsíochán faoi láthair is a cheapann an tUachtarán Trump.

Ach tá sé aontaithe ag Donald Trump agus ag Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin cruinniú eile a bheith acu as seo go ceann coicíse féachaint le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

'Dá réir sin' a dúirt an tUachtarán Trump 'tá súil agam nach dteastóidh aon tomahawk ón Úcráin'.

D'admhaigh Donald Trump go mba fhéidir gur ar thóir tuilleadh ama atá Vladimir Putin, agus gurb é sin an t-aon fáth gur thoiligh sé a bheith páirteach sa gcruinniú mullaigh seo.

'Ach creidim' a dúirt sé 'go bhfuil an Rúis sásta margadh a dhéanamh'.

Is i bpríomhchathair na hUngáire, Budapest a bheidh an cruinniú sin.

Tá fáilte curtha ag an Aontas Eorpach roimh an gcruinniú atá molta idir na hUachtaráin Trump agus Putin más rud é go gcuideoidh sé deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Bhí an cruinniú céanna á phlé ar maidin inniu nuair a Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orban leis an Uachtarán Putin.