skip to main content

€5m bronnta ar bhuachaill as gortú inchinne le linn a bhreithe

Ospidéal Ginearálta Thiobrad Árann Theas, an áit ar rugadh an leanbh
Ospidéal Ginearálta Thiobrad Árann Theas, an áit ar rugadh an leanbh

Tá cúiteamh sealadach €5m ceadaithe ag an Ard-Chúirt i gcás buachalla 5 bhliain d'aois, ar bhain gortú inchinne tubaisteach dhó i ndiaidh dó teacht ar an saol.

Tharla seo uilig do Graysen Reid a dúradh mar nár tugadh faoi deara go raibh a chuid aerbhealaí plúchtaithe nuair a tháinig sé amach as broinn a mháthar.

Rugadh an leanbh ag 26 seachtain in Ospidéal Ginearálta Thiobrad Árann Theas i mí na Nollag 2019.

Dúradh sa gcúirt nár tugadh aghaidh in am ar na fadhbanna a bhain leis an mbreith agus go raibh an toradh tubaisteach dá bharr.