skip to main content

Bealach Rafah i Gaza le hathoscailt gan mhoill

Bealach Rafah áit a bhfuil cuid mhór trucal daonchabhrach bailithe
Bealach Rafah áit a bhfuil cuid mhór trucal daonchabhrach bailithe

Tá súil go mbeidh bealach Rafah i Stráice Gaza oscailte arís faoin Domhnach seo chugainn.

Aire Gnóthaí Eachtracha Iosrael a thug an méid sin le fios ar maidin inniu.

Den chéad uair le 2 bhliain beidh sé de cheart ag Pailistínigh teacht agus imeacht as Gaza.

Níltear cinnte áfach an gceadófar bia isteach tríd an bhealach sin ar bhonn rialta agus na céadta leoraithe faoi réir anois le cúnamh daonchabhrach a chur ar fáil do phobal an stráice.

Deirtear go bhfuil géarghá anois le líon ard cúnaimh i bhfianaise an méid atá fulaingte ag an bpobal ansin ó Dheireadh Fómhair 2023.

Tá míshástacht mhór ar Iosrael i gcónaí maidir leis an mhoilleadóireacht a deir sé atá ar threallchogaithe Hamas i dtaca le coirp na ngialla a bhí á gcoinneáil acu a thabhairt ar ais.

Deir Hamas go bhfuil roinnt de na coirp sin faoi bhrat trom smionagair agus go bhfuil trealamh speisialta ag teastáil le teacht orthu gan trácht ar bhreis ama.

Áirítear go bhfuil 19 corp le teaghlaigh in Iosrael nach bhfuil tugtha ar ais dóibh go fóill.

Fuair Inbar Hayman (27) sochraid stáit in Iosrael ar maidin inniu.

B'ise an corp mná deiridh a bhí coinnithe ag Hamas, bean a fuadaíodh le linn fhéile Nova i nDeireadh Fómhair 2023 agus a maraíodh am éigin ina dhiaidh sin.

Deir tuairiscí áirithe go bhfuil feachtas míleata Iosrael ag leanacht ar aghaidh i gcónaí ainneoin sos comhraic a bheith fógraithe i Gaza.

Maíonn Hamas go bhfuil suas le 20 duine maraithe ansin le seachtain.