Tugadh fear sna caogaidi os comhair Chúirt Dúiche an Aonaigh i gContae Thiobraid Árann ar maidin agus cúisíodh é i ndúnmharú mná 89 bliain d'aois breis is bliain ó shin.
Fuarthas corp Josephine 'Josie' Ray ina teach cónaithe san Aonach i Lúnasa na bliana anuraidh.
Inniu, cúisíodh Hasan Al Gori (51) nach bhfuil aon seoladh buan aige ina dúnmharú.
Diúltaíodh bannaí dó, cuireadh siar faoi choinneáil é agus beidh sé os comhair Chúirt Dúiche an Aonaigh arís trí nasc físe Déardaoin seo chugainn.