Tá 2 theach i Luimneach tógtha ar lámh ag an mBiúró um Shócmhainní Coiriúla (CAB) ón gcoirpeach Kieran óg Keane.
Thóg CAB 3 charr uaidh freisin agus breis is €100,000.
Rialaigh an Ard Chúirt gur a bhuíochas don choiriúlacht a ghnóthaigh Keane na sócmhainní seo ar fad.
Áirítear gur fiú suas le €500,000 na sócmhainní san iomlán.
Díolfar na tithe seo anois agus tabharfar an t-airgead ar lámh don Stát.
Tuigtear gur thall i Dubai atá Kieran óg Keane ina chónaí faoi láthair.
Is mac é le Kieran Keane, an fear a bhíodh i gceannas ar bhuíon coirpeach Keane Collopy i Luimneach sular maraíodh é in Eanáir na bliana 2003.