Bhí sáraíocht láidir ar maidin idir na hiarrthóirí Uachtaránachta, Heather Humphreys (Fine Gael) agus Catherine Connolly (Neamhspleách) sa díospóireacht is deireanaí eatarthu a bhí ar siúl ar an gclár nuachta raidió de chuid RTÉ, 'Morning Ireland'.
An costas maireachtála,tithíocht agus inimirce na cnámha spairne ba mhó idir na hiarrthóirí seo.
Chosain Heather Humphreys gach a ndearna sí féin agus í mar aire rialtais, ag rá gur mhinic nach raibh sé éasca i mbun an chúraim sin agus gur fhusa go mór fada a bheith sa bhfreasúra.
'Tá aiféala orm nár tógadh níos mó tithe ó tháinig Fine Gael i gcumhacht' a dúirt sí.
Dúirt Catherine Connolly gur 'polasaithe rialtais i gcaitheamh an ama a fhágann go bhfuil géarchéim tithíochta sa tír'.
Dúirt sí freisin nach raibh a fhios aici go raibh ceangal míleata ag fear áirithe a thaispeáin di na ciúinsí maireachtála i gcampa teifeach Pailistíneach le linn a cuairte ar an tSiria.
Chosain Heather Humphreys an bealach ar dhéileáil sí le teaghlach O'Farrell ar maraíodh mac dá gcuid i 2011 a bhuíochas do thiománaí a bhí faoi thionchar an óil.
Dúirt sise chomh maith go bhfuil deiseanna sa tír seo i gcónaí d'oibrithe a thagann ón gcoigríoch agus go dteastaíonn a léithid; dúirt Catherine Connolly áfach nach féidir glacadh le ráitis go bhfuil Éirinn lán agus nach bhfuil a thuilleadh spáis d'inimircigh.
Seachtain atá fágtha anois sa bhfeachtas.
Dé hAoine seo chugainn (24 Deireadh Fómhair) a rachaidh an pobal i mbun vótála.