Ó thús na bliana anuraidh tá breis is 100 leanbh a d'fhulaing mí-úsáid ghnéis ar líne sa tír seo.
Seo de réir na bhfigiúirí is deireanaí ón Gharda Síochána atá tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar na mílte físeáin agus íomhánna ar éirigh leis iad a fháil ina sheilbh.
Deir gardaí go bhfuil na bagairtí seo ar-líne atá dírithe go sonrach ar leanaí ag méadú i gcónaí agus go bhfuil bealaí níos casta agus níos cliste á n-úsáid leis na híosbartaigh a mhealladh tríd an gcóras idirlín.
Deir siad freisin gur mó de dhúslán anois ná riamh a léithid seo de choiriúlacht agus go bhfuil leanaí chomh hóg le 5 bliana d'aois thíos leis.
Molann siad do thuismitheoirí agus lucht cúraim a bheith níos airdeallaí ina leith seo.