skip to main content

Trump agus Zelenskyy i mbun cruinnithe sa Teach Bán

Trump Zelenskyy Putin grid
Donald Trump (ar chlé),Zelenskyy (sa lár) agus Putin.An bhfuil síochán i ndán?

Is gearr uainn anois an cruinniú sa Teach Bán i Washington idir Uachtarán Mheiriceá, Donald Trump agus Uachtarán na hÚcráine,Volodymyr Zelenskyy.

Tuigtear go lorgóidh an tUachtarán Zelenskyy breis cúnamh míleata do fhórsaí na hÚcráine ina gcogadh leis an Rúis atá ar bun anois le breis is 3 bliana go leith.

Ceaptar áfach nach bhfaighidh sé an cúnamh sin ná na diúracáin fadraonacha atá á lorg aige ó tharla go bhfuil sé aontaithe ag Donald Trump agus ag Uachtarán na Rúise,Vladimir Putin cruinniú eile a bheith acu as seo go ceann coicíse féachaint le deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Is i bpríomhchathair na hUngáire, Budapest a bheidh an cruinniú sin.

Tá fáilte curtha ag an Aontas Eorpach roimh an gcruinniú atá molta idir na hUachtaráin Trump agus Putin más rud é go gcuideoidh sé deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin.

Bhí an cruinniú céanna á phlé ar maidin inniu nuair a Príomh-Aire na hUngáire, Viktor Orban leis an Uachtarán Putin.