skip to main content

Pianbhreith gearrtha ar thriúr faoi dhúnorgain Tom Niland

Bhásaigh Tom Niland san ospidéal in 2023
Bhásaigh Tom Niland san ospidéal in 2023

Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh téarmaí príosúin idir cúig bliana déag agus sé bliana déag ar thriúr fear a phléadáil ciontach i ndúnorgain fir 75 bliain d'aois a bhásaigh san ospidéal bliain agus trí ráithe i ndiaidh don triúr é a ionsaí ina theach cónaithe i gCo Shligigh.

Bhí Tom Niland faoi dhianchúram in Ospidéal Ollscoile Shligigh ó fuair sé bascadh brúidiúil leanúnach ón triúr fear agus a theach á robáil acu i mbaile fearainn Dhún Fhlainn i Scrín Adhamhnáin ar an 18 Eanáir 2022.

D'éag sé san ospidéal sin ar an 30 Meán Fómhair 2023.

Sé bliain déag príosúin a gearradh inniu ar John Irving, 31 bliain d'aois, as an Seanbharr, Béal Easa, i gCo Mhaigh Eo. Cuireadh an bhliain dheireanach den téarma ar fionraí.

Francis Harman, 58 bliain, as Cúirt Néifinne, Bóthar Chill Ala, Béal an Átha, i gCo Mhaigh Eo, is cúig bliana déag príosúin a gearradh airsean. Cuireadh an bhliain dheireanach dá théarmsa ar fionraí chomh maith.

Cúig bliana déag príosúin a gearradh freisin ar John Clarke, 37 bliain, as Ceathrú Choille, Béal an Átha, i gCo Mhaigh Eo. Ionann agus an bheirt fhear eile, cuireadh an bhliain dheireanach dá théarmasa ar fionraí.

Feirmeoir agus fear aonta ab ea Tom Niland agus ní raibh aon deartháireacha ná deirfiúracha aige.

Dúradh sa chúirt gur de bharr go raibh sé gan chosaint a chuir na ciontóirí a dtromchrann ar Tom an oiche úd.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ