skip to main content

Breithiúnas seachtain ó inniu i dtriail Shaighdiúir F

Doire, 30 Eanáir 1972: Domhnach na Fola
Doire, 30 Eanáir 1972: Domhnach na Fola

I gcúirt i mBéal Feirste, dúirt an breitheamh i dtriail an fhir dá ngairtear Saighdiúir F go raibh súil aige breithiúnas a thabhairt seachtain ó inniu.

Tá Saighdiúir F cúisithe i mbeirt fhear a dhúnmharú i nDoire Domhnach na Fola i 1972.

Chomh maith le Jim Wray agus William McKinney a dhúnmharú, tá Saighdiúir F cúisithe in iarracht a dhéanamh ar chúigear eile a dhúnmharú an lá céanna.

Sa chúirt inniu, d'fhógair an Breitheamh Patrick Lynch go gcuirfeadh sé san áireamh fianaise ó bheirt iarshaighdiúirí eile dá ngairtear Saighdiúir G agus Saighdiúir H.

Dhiúltaigh an breitheamh iarratas ón abhcóide cosanta an cás a chaitheamh amach ar an bhonn go raibh an fhianaise "neamhiontaofa", de réir an abhcóide féin.

Níor thug Saighdiúir F féin fianaise sa triail.

Dúirt an Breitheamh Lynch go raibh súil aige a bhreithiúnas a thabhairt sa chúirt ag 10 a chlog ar maidin Déardaoin seo chugainn an 23 Deireadh Fómhair.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ