Tá an Teachta Dála Paul Murphy ó Phobal Roimh Bhrabús ag cur an dlí ar iarrthóir Uachtaránachta Fhine Gael Heather Humphreys faoi chlúmhilleadh.
Baineann an cás le ráitis a rinne Heather Humphreys ar an raidió faoin bpáirt a ghlac Paul Murphy in agóid in aghaidh táillí uisce ina dháilcheantar i mBaile Átha Cliath in 2014.
Is ar an gclár raidió This Week ar RTÉ Dé Domhnaigh seo caite a rinne Heather Humphreys na ráitis atá i dtreis.
Bhí Paul Murphy ar dhuine de sheisear fear a cúisíodh i bpríosúnú neamhdhleathach a dhéanamh ar an Tánaiste ag an am Joan Burton agus ar a cúntóir Karen O'Connell nuair a bhí an bheirt sin i ngluaisteán i Ráth Miontáin i dTamhlacht ar an 15 Samhain 2014.
Fuarthas neamhchiontach an seisear fear i gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath in 2017.
Dúirt Paul Murphy inniu nach raibh dada le rá aige faoi láthair faoin gcás clúmhillte atá sé a thabhairt in aghaidh Heather Humphreys.

Dúirt Heather Humphreys go raibh díomá uirthi gur thionscain Paul Murpy ar chás dlí a thabhairt ina haghaidh.
Is beartaíocht é de chuid na heite clé agus de chuid Shinn Féin, arsa sí, dul i muinín an dlí nuair a deir daoine rudaí nach dtaitníonn leo.
Mhaígh Heather Humphreys freisin Dé Domhnaigh seo caite go raibh Paul Murphy ina bhainisteoir feachtais ag iarrthóir Uachtaránachta na heite clé Catherine Connolly.
Tá sé ráite ag lucht feachtais Catherine Connolly, áfach, nach ball den fhoireann é Paul Murphy agus nach bhfuil baint ar bith aige le bainistiú an fheachtais.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ