Tá scrúdú iarbháis le déanamh inniu ar chorp Vadym Davydenko, an t-ógánach as an Úcráin a sádh agus a maraíodh in ionad cónaithe leis an ngníomhaireacht Tusla i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath inné.
Tharla an marú ag thart ar 11 a chlog ar maidin inné in ionad cónaithe éigeandála do pháistí ón gcoigríoch a thagann chun na tíre seo gan aon duine fásta in éineacht leo.
Seacht mbliana déag d'aois a bhí Vadym Davydenko agus is le gairid a tháinig sé go hÉirinn.
Tuigtear gur éirigh idir é agus ógánach eile agus gur ropadh é sa cheann, san aghaidh agus sa chliabhrach.
Ionsaíodh freisin beirt eile a bhí ag cur fúthu san ionad cónaithe, chomh maith le hoibrí cúraim a rinne iarracht teacht idir na hógánaigh a bhí ag bruíon.
Deirtear nár gortaíodh aon duine den triúr sin go dona.
Ghabh na Gardaí ógánach seacht mbliana déag faoin marú agus tá cóir leighis á chur air san ospidéal faoi láthair.
Níor tugadh aon eolas faoi na gortuithe a bhain don ógánach sin, arb as an tSomáil é, ach deirtear nach bhfuil sé i mbaol báis.
Is in árasáin Choill Grattan ar Bhóthar Pholl an Bhalla i nDomhnach Míde atá an t-ionad cónaithe suite.
Tá áit ann do cheathrar agus is comhlacht príobháideach atá á riar thar ceann Tusla.
Deir Tusla go bhfuil siad ag cur tacaíocht bhreise ar fáil do na daoine a bhí san ionad cónaithe inné agus go bhfuil siad ag iarraidh teagmháil a dhéanamh lena dteaghlaigh siúd agus le teaghlach an ógánaigh a maraíodh.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ