Táthar ag téisclim cheana i gcomhair fórsa idirnáisiúnta a chur go Gaza le maoirseacht a dhéanamh ar chúrsaí slándála ansin, a dúirt beirt chomhairleoirí ó Rialtas na Stát Aontaithe.
Agus sos cogaidh i bhfeidhm in Gaza ón Aoine seo caite, a bheag nó a mhór, ceann de na chéad chéimeanna eile i bplean síochána Uachtarán Mheiriceá Donald Trump is ea an fórsa slándála idirnáisiúnta.
De réir an phlean, is saighdiúirí ón Indinéis, ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha, ón Éigipt, ó Chatar agus ón Asarbaiseáin a chuirfear ar fianas slándála in Gaza féin, ach beidh thart ar 200 oifigeach ó Arm Mheiriceá ag stiúradh na saighdiúirí sin ón taobh amuigh.
Tá lucht airm Hamas le feiceáil ar shráideanna Gaza níos minice ó cuireadh an sos cogaidh i bhfeidhm agus bhásaigh siad seachtar fear os comhair an phobail i gCathair Gaza as cuidiú le fórsaí míleata Iosrael, más fíor gur chuidigh.
I bhfianaise a leithéid de bhrúidiúlacht, a dúirt an bheirt chomhairleoirí as Meiriceá, féachfar le 'ceantair shábháilte' ar leith a bhunú in Gaza.
Thug siad le fios freisin nach gcuirfí iallach ar aon duine imeacht as Gaza.
Mar sin féin, deir na hIosraelaigh go n-osclóidh siad gan mhoill ceann de na príomhbhealaí amach as Gaza in Rafah i ndeisceart na hiamhchríche agus táthar den bharúil go bhféadfadh an domhnaíocht Palaistíneach an deis a thapú le teitheadh ón anó.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ