skip to main content

Ógánách sáite, maraithe in ionad Tusla i mBaile Átha Cliath

Is in árasáin Choill Grattan i nDomhnach Míde a maraíodh an buachaill
Is in árasáin Choill Grattan i nDomhnach Míde a maraíodh an buachaill

Sádh agus maraíodh ógánach in ionad cónaithe leis an ngníomhaireacht Tusla i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath ar maidin inniu.

Tá buachaill eile gafa ag na Gardaí faoin marú.

Tá cóir leighis á chur ar an mbuachaill sin san ospidéal ach deirtear nach bhfuil sé i mbaol báis.

Tharla an marú in ionad cónaithe éigeandála atá curtha ar fáil ag Tusla do pháistí ón gcoigríoch a tháinig chun na tíre seo gan aon duine fásta in éineacht leo.

Tuairiscítear gur éirigh idir bheirt ógánach seacht mbliana déag d'aois, gur thosaigh bruíon agus gur ropadh triúr ar a laghad.

Bhásaigh duine den triúr ar an mball.

Tuairiscítear freisin gur theith daoine eile ón achrann, beirt bhaineannach ina measc.

Tuigtear go raibh ceathrar ina gcónaí san ionad in árasáin Choill Grattan a bhfuil comhlacht príobháideach á riar thar ceann Tusla.

Tá dhá árasán caomhnaithe ag na Gardaí agus tá fios curtha acu ar an bPaiteolaí Stáit agus ar shaineolaithe ó Bhiúró Teicniúil an Gharda Síochána.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ