skip to main content

£1.2 milliún i ndamáistí ceadaithe do chúigear as drochíde

Bhásaigh Malachy Finnegan in 2002
Bhásaigh Malachy Finnegan in 2002

Tá £1.2 milliún i ndamáistí le roinnt idir cúigear iardhaltaí i scoil i gCo an Dúin a ndearna sagart nach maireann ionsaithe gnéasacha orthu sna 1970idí agus sna 1980idí.

Is san Ardchúirt i mBéal Feirste a éisteadh cás an chúigir a mhaígh gur bhréag an tAthair Malachy Finnegan iad nuair a bhí siad óg, go ndearna sé ionsaithe gnéasacha orthu agus gur bhuail sé iad go rialta.

Chomh maith leis na damáistí, gabhfaidh ceannaire na hEaglaise Caitlicí in Éirinn an tArdeaspag Éamon Martin, gabhfaidh sé leithscéal i scríbhinn leis an gcúigear fear.

Is in aghaidh Dheoise Dhroim Mór agus bhord gobharnóirí Choláiste Cholmáin san Iúr a thug na fir an cás.

D'fhreastail an cúigear ar Choláiste Cholmáin idir 1972 agus 1984 nuair a bhí Malachy Finnegan ag múineadh ann.

Bhásaigh an tAthair Finnegan in 2002, ach nuair a bhí sé fós ina bheatha cuireadh ina leith gur thug sé drochíde do pháistí sa scoil, ionsaithe gnéasacha san áireamh.

Níor cheistigh na póilíní riamh é, más ea, agus níor cuireadh an dlí riamh air.

Mar sin féin, tháinig sé chun solais i ndiaidh a bháis gur shocraigh Deoise Dhroim Mór cás a thug iardhalta i gColáiste Cholmáin ina haghaidh.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ