Tugadh buachaill sé bliana déag d'aois os comhair Chúirt Dúiche Mhainistir na Corann i gCo Chorcaí ar maidin inniu agus é cúisithe i bhfear 44 bliain d'aois a dhúnmharú i sráidbhaile Dhún ar Aill i dtuaisceart an chontae an deireadh seachtaine seo caite.
Cuireadh siar faoi choinneáil an déagóir nach bhfuil cead a ainmniú de bhrí gur mionaoiseach atá ann.
Ionsaíodh agus maraíodh Barry Daly taobh amuigh dá theach cónaithe in Ardán Radharc na Carraige i nDún ar Aill ag thart ar 2 a chlog ar maidin Dé Domhnaigh.
Chomh maith leis an té a tháinig os comhair cúirte inniu, tá beirt eile cúisithe i ndúnmharú Barry Daly agus tugadh iadsan os comhair Chúirt Dúiche Mhala tráthnóna inné.
Sin iad Alex Deady, 20 bliain d'aois, as Radharc an Ghleanna, Bóthar an Chlochair, i nDún ar Aill, agus ógánach seacht mbliana déag nach bhfuil cead a ainmniú ós mionaoiseach é.
Tá an triúr cúisithe le teacht os comhair Chúirt Dúiche Mhala ar nasc físe Dé Máirt seo chugainn.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ