skip to main content

Gaza: leoraithe fóirithinte á ligean isteach

Trucail fóirithinte á ligean isteach i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza, 15 Deireadh Fómhair 2025
Trucail fóirithinte á ligean isteach i gcathair Rafah i ndeisceart Gaza, 15 Deireadh Fómhair 2025

Tuairiscítear go bhfuil an bealach isteach go cathair Rafah i ndeisceart Gaza le hoscailt arís ag na hIosraelaigh le soláthairtí fóirithinte a ligean isteach ann tar éis do Hamas coirp thriúr giall eile as Iosrael a thabhairt ar láimh do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge.

Cé gur ceithre chorp a tugadh ar láimh, deir na hIosraelaigh nach giall a bhí sa cheathrú duine.

Tá na céadta leoraí, atá faoi lucht mór bia agus cógas leighis, ag fairís ar dhul isteach san iamhchríoch Phalaistíneach lena bhfuil acu de lón a dháileadh ar na huireasaigh, ach a chead sin a fháil sin ó na hIosraelaigh.

Bhí sé fógartha ag na hIosraelaigh roimhe seo nach ligfí isteach ach leath na leoraithe nó go dtabharfadh Hamas tuilleadh corp ar láimh.

Vehicles transporting the bodies of four hostages handed over following a ceasefire and prisoner exchange deal between Israel and Palestinian factions in Gaza arrive at the National Center for Forensic Medicine in Tel Aviv
Ceithre chorp tugtha ar láimh ag Hamas, triúr giall ina measc

Thacaigh Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump le seasamh sin na nIosraelach agus d'fhógair sé ar a mhuin sin go gcaithfeadh Hamas a gcuid arm a chur de láimh, é sin nó chuirfí iallach orthu iad a chur de láimh, arsa sé.

Deir Hamas go bhfuil coirp na ngiall folaithe ag smionagar foirgneamh a scrios na hIosraelaigh agus gur de réir a chéile atáthar á dtabhairt amach as.

Ocht gcorp as 28 atá tugtha ar láimh go nuige seo, ach is cosúil go bhfuil an scór eile le haimsiú fós.

Táthar ag cíorláil an smionagair ó fógraíodh sos cogaidh Dé hAoine seo caite agus deir cosaint shibhialta Gaza gur aimsíodh 250 corp go trásta.

Mar le Palaistínigh a fuair bás agus iad faoi choinneáil in Iosrael, tugadh coirp 45 acu ar láimh do lucht leighis in ospidéal i gcathair Khan Younis i ndeisceart Gaza inné.

KHAN YUNIS, GAZA - OCTOBER 14: Destroyed buildings and rubble are seen as displaced Palestinians return to the Akkad region in Khan Yunis, Gaza following the withdrawal of Israeli forces on October 14, 2025. After the ceasefire takes effect, civilians discover widespread destruction, with entire res
Cuid mhór de Gaza folaithe ag smionagar, Khan Younis, 14 Deireadh Fómhair 2025

Tá lucht airm Hamas le feiceáil ar shráideanna Gaza níos minice ó cuireadh an sos cogaidh i bhfeidhm.

Tuairiscítear gur maraíodh na scórtha daoine i gcaismirtí a bhí idir Hamas agus grúpaí armtha eile ó shin.

Mharaigh fórsaí míleata Iosrael cúigear Palaistíneach in ionsaí dróin i gCathair Gaza, agus mharaigh siad duine eile gar do Khan Younis.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ