Dúirt ceannaire Aontú Peadar Tóibín gur léir gur iarracht an ghaoth a bhaint as seolta an pháirtí sin ab ea an rún muiníne sa Tánaiste Simon Harris a chuir an Rialtas os comhair Dháil Éireann inniu, agus dar leis go mb'fhonóideach an beart acu é.
Tháinig rún muiníne an Rialtais roimh an rún mímhuiníne sa Tánaiste a d'fhógair Aontú a bhí siad le cur os comhair na Dála an tseachtain seo chugainn.
Moladh rún an Rialtais sa Dáil tráthnóna inniu, ar réamh-fhrithrún é i ndáiríre, agus ritheadh é le móramh de 29.
94 Teachta Dála a vótáil ar a shon, 65 ina aghaidh.
Mar le rún mímhuiníne Aontú, shéan Peadar Tóibín gur pléiseam polaitiúil a bhí ann agus dúirt nach raibh baint dá laghad ag an scéal leis an toghchán Uachtaránachta.
Nach ndúramar le linn an tsamhraidh, arsa sé, go molfaimis an rún a thúisce a bheadh ionú againn air.
Thug an Tóibíneach le fios go mb'fhéidir go molfadh Aontú rún mímhuiníne sa Rialtas trí chéile an tseachtain seo chugainn, in áit an Tánaiste amháin.
Baineann rún Aontú leis an "ngéarchéim" a deir an páirtí sin atá i seirbhísí sláinte leanaí agus leis an ngealltanas a thug Simon Harris nuair a bhí sé ina Aire Sláinte in 2017 nach mbeadh leanbh ar bith ag fanacht níos mó ná ceithre mhí le hobráid dromlaigh.
Níor comhlíonadh an gealltanas sin, arsa Peadar Tóibín, agus tharraing sé aird ar chás Harvey Morrison, buachaill naoi mbliana d'aois as Baile Átha Cliath a bhí ag fanacht trí bliana le hobráid dromlaigh.
Bhí spina bifida agus scolóis ar Harvey agus fuair sé bás trí mhí ó shin.
Bhí cruinniú ag Simon Harris agus ag an Aire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill le muintir Harvey le gairid agus tá fiosrúchán le bunú faoi obráidí dromlaigh ag an Rialtas go luath, a deir siad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ