Tugadh fear óg agus déagóir os comhair Chúirt Dúiche Mhala i gCo Chorcaí tráthnóna inniu agus iad cúisithe i bhfear 44 bliain d'aois a dhúnmharú i sráidbhaile Dhún ar Aill i dtuaisceart an chontae an deireadh seachtaine seo caite.
Ionsaíodh agus maraíodh Barry Daly taobh amuigh dá theach cónaithe in Ardán Radharc na Carraige i nDún ar Aill ag thart ar 2 a chlog ar maidin Dé Domhnaigh.
Is iad an bheirt atá cúisithe ina dhúnmharú Alex Deady, 20 bliain d'aois, as Radharc an Ghleanna, Bóthar an Chlochair, i nDún ar Aill, agus ógánach seacht mbliana déag nach bhfuil cead a ainmniú de bhrí gur mionaoiseach atá ann.
Tugadh le fios sa chúirt nach ndúirt ceachtar den bheirt aon ní nuair a cúisíodh iad sa chion.
Cuireadh an bheirt siar faoi choinneáil agus tabharfar iad os comhair na cúirte céanna ar nasc físe seachtain ó inniu.
Fear poist ab ea Barry Daly agus bhí ceathrar páistí aige.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ