skip to main content

Caighdeán an uisce i ndobharlaigh an Stáit fós ag meath

Níl caighdeán an uisce 'go maith' ach i 48% d'aibhneacha an Stáit – tuarascáil nua
Níl caighdeán an uisce 'go maith' ach i 48% d'aibhneacha an Stáit – tuarascáil nua

Ag meath i gcónaí atá caighdeán an uisce i leath na n-aibhneacha agus lochanna sa Stát in ainneoin nach bhfuil an oiread truailleán ó fheirmeacha á sceitheadh iontu agus a bhíodh, a deirtear i dtuarascáil nua ón nGníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil.

Cé gur lú fosfar agus nítrigin a ligtear chun srutha ó fheirmeacha ar na saolta seo, de réir na tuarascála, tá leibhéil na leasachán ceimiceach sin i ndobharlaigh i bhfad ró-ard fós.

Measúnú ar uiscí dromchla an Stait idir 2019 agus 2024 atá sa tuarascáil, lena n-áirítear aibhneacha, lochanna fionnuisce, lochanna mearsháile, inbhir agus canálacha.

Ar mhuin a bhfuil de thruailleáin talmhaíochta sna dobharlaigh seo ar fad, a deirtear, tá fuíolluisce ó árais chónaithe agus ó ghnóthais ag cur leo, agus is measa fós an cás de bharr na n-athruithe as éadan atá daoine a dhéanamh ar gcomhshaol trí chéile.

An iomarca truailleáin talmhaíochta á sceitheadh i ndobharlaigh

Tá an tuarascáil bunaithe ar thástálacha a rinneadh ar an uisce i 3,200 abhainn, 800 loch, 160 inbhear, 100 murlach, 512 dobharlach talún agus 16 canáil.

Léiríonn torthaí na dtástálacha go bhfuil 52% de na dobharlaigh sin slán faoi láthair – i gcomparáid le 54% trí bliana ó shin, más ea.

Is measa na hinbhir agus na murlaigh ná aon dobharlaigh eile agus caighdeán an uisce i 70% díobhsean faoi bhun an leibhéil is cóir.

Mar le haibhneacha, níl ach 48% díobh slán agus deirtear gur draenáil, foraoiseacht agus forbairt uirbeach is cionsiocair leis sin.

Taighdeoir sinsearach sa Ghníomhaireacht um Chaomhnú Comhshaoil is ea an Dr Eimear Cotter agus dúirt sí go bhfuil drochthuar faoi chúrsaí i bhfianaise a bhfuil sa tuarascáil nua.

D'iarr sí ar gach dream a bhfuil sé de mhortabháil orthu dobharlaigh an Stáit a chosaint dlús a chur leis an obair phráinneach atá idir lámha acu.

2166728957
An diúilicín péarla fionnuisce i mbaol

An scátheagraíocht comhshaoil, dá ngairtear SWAN, dúirt siadsan gur géarchéim atá ann agus tharraing siad aird ar na speicis atá i gcontúirt dá bhíthin, lena n-áirítear an bradán fabhlach a thagann le nádúr in aghaidh srutha, a deir an t-amhrán as Maigh Eo, "i ndiaidh a dháta a chaitheamh faoin toinn", cár fhág tú an diúilicín péarla fionnuisce.

Cháin an eagraíocht an Rialtas faoi mhaolú ó rialacha maidir le truailliú a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach i leaba beartais níos láidre in aghaidh an truaillithe a chur i bhfeidhm.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ