Curtha ar fáil ag Rialtas na Stát Aontaithe tá téacs iomlán an fhorógra ghairid maidir le Gaza a shínigh an tUachtarán Donald Trump agus triúr ceannairí idirnáisiúnta eile in Sharm El-Sheikh san Éigipt inné.
Trump, Uachtarán na hÉigipte Abdel Fattah al-Sisi, Éimír Chatar Tamim bin Hamad Al Thani agus Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan, geallann siad san fhorógra a chinntiú go gcuirfear i bhfeidhm an sos cogaidh in Gaza agus go gcloífear leis, agus go dtabharfaidh siad faoi na codanna eile de phlean síochána Trump a chur i gcrích.
Caint thar a bheith ginearálta agus dúnárasach atá sa cháipéis, áfach, agus mionsonraí ná mórshonraí ní thugtar ann.
Níl aon tagairt ann, cuir i gcás, do stát Palaistíneach a bhunú san am le teacht, neachtar acu i ngearraimsir ná i bhfad na haimsire.
In Gaza féin, tuairiscítear gur scaoil saighdiúirí Iosraelacha le buíon fear a bhí ag drannadh leo i dtuaisceart na hiamhchríche ach ní dúradh fós ar leonadh nó maraíodh aon duine.
Mar leis an 28 giall Iosraelach a fuair bás in Gaza le dhá bhliain, táthar míshásta in Iosrael nach bhfuil ach coirp cheathrar acu tugtha ar láimh ag Hamas do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge go dtí seo.
Deir Hamas, ámh, go bhfuil na coirp eile folaithe ag smionagar foirgneamh a scrios na hIosraelaigh agus gur de réir a chéile atáthar á dtabhairt amach as.
Mar léiríú ar an anord atá in Gaza, tá grúpaí armtha eile – coirpigh eagraithe ina measc – ag tabhairt dúshláin Hamas san iamhchríoch.
Tuairiscítear gur mharaigh Hamas 33 duine ó na grúpaí sin le cúpla lá.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ