Soilsíodh an athuair an t-easaontas atá idir an bheirt iarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta maidir leis an gCúirt Choiriúil Speisialta agus iad i mbun díospóireachta faoin gceist ar chlár raidió Pat Kenny ar Newstalk ar maidin inniu.
Iarrthóir Fhine Gael, Heather Humphreys, tacaíonn sí leis an gCúirt Choiriúil Speisialta agus Catherine Connolly, iarrthóir na heite clé, b'fhearr léise deireadh a chur leis an gcúirt.
Tharraing Heather Humphreys aird ar chás na mná a ciontaíodh sa chúirt úd in 2014 ar fhostaigh Catherine Connolly í ina dhiaidh sin mar chúntóir i nDáil Éireann.
D'fhreagair Catherine Connolly agus dúirt gur dhona an mhaise do Heather Humphreys cás na mná sin a tharraingt aníos de ghrá báire polaitiúil a chur.
Ar a shon sin, d'aisfhreagair Heather Humphreys agus dúirt nach raibh imréiteach slándála faighte ó na Gardaí ag an mbean agus go raibh contúirt áirithe ag baint léi dá bharr sin, go háirithe ó bhí sí ag obair i ngaireacht do Theachtaí Dála agus Airí Rialtais.
Dúirt Catherine Connolly gur léiríodh imní in dhá thuarascáil Rialtais faoin síneadh a chuirtear go rialta leis an reachtaíocht éigeandála a thugann feidhm don Chúirt Choiriúil Speisialta.
Mar sin féin, arsa sí, ós cuid de dhlí na tíre an chúirt speisialta, sheasfadh sí leis an dlí sin dá dtoghfaí í ina hUachtarán.
Diomaite de cheist na cúirte speisialta, theastaigh ón dís an dáimh a deir siad atá acu leis an duine mar chách a shoilsiú sa díospóireacht.
Dúirt Heather Humphreys go bhfuair sí togha léargais an an saol nuair a bhí sí ag obair i gcomhar creidmheasa.
Thug Catherine Connolly le fios gur léir gur labhair sí riamh ar son an ghnáthdhuine.
I ndiaidh na díospóireachta, chuaigh an dís i mbun stocaireachta in áiteanna éagsúla – Heather Humphreys i mBaile Átha Cliath agus Catherine Connolly i gCill Dara.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ