I gCúirt Chuarda Choiriúil Bhaile Átha Cliath, gearradh ceithre bliana príosúin – an ceann deireanach ar fionraí – ar fhear óg a phléadáil ciontach i bpáirt a ghlacadh i gcíréibeacha in aghaidh na hinimirce sa chathair arú anuraidh agus i dtram Luas a chur trí thine.
Sin é Evan Moore, leictreoir faoi oiliúint 20 bliain d'aois, as Bóthar na Gráinsí Móire i nDomhnach Míde i dtuaisceart Bhaile Átha Cliath.
Dúirt Garda sa chúirt gur gríosaíodh chun foréigin ar na meáin shóisialta Evan Moore agus gur thug sé neamhaird ar achainí a mháthar gan dul isteach i lár na cathrach oíche an 23 Samhain 2023.
Dúradh gur bhris sé fuinneog ar an tram agus gur tharraing sé isteach ann araid a bhí trí lasadh cheana.
B'éigean seirbhísí Luas a chur ar fionraí ar feadh ceithre huaire is fiche mar gheall ar an loscadh agus áiríodh go ndearnadh luach €5 mhilliún de dhamáiste don tram, a dúradh.
Ní go dtí sé mhí ina dhiaidh sin a ghabh na Gardaí Evan Moore agus é ag glacadh páirt in agóid de chuid na heite deise antoiscí.
Níor ciontaíodh an fear óg riamh cheana agus dúradh go raibh an-aiféala go deo air as a ndearna sé.
Tugadh le fios freisin go raibh cúrsa frithchiníochais déanta aige.
Dúirt an Breitheamh Orla Crowe gur chuir sí é sin ar fad san áireamh nuair a bhí sí ag déanamh a machnamh ar an bpianbhreith a ghearrfadh sí ar an gciontach.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ