Tá cáipéis maidir leis an sos cogaidh in Gaza sínithe ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump agus ag ceannairí trí thír sa Mheánoirthear, mar atá, an Éigipt, Catar agus an Tuirc.
Is in Sharm El-Sheikh san Éigipt a síníodh an cháipéis, áit a bhfuil cruinniú mullaigh idirnáisiúnta á thionól maidir lena bhfuil i ndán do Gaza.
Is iad Trump agus Uachtarán na hÉigipte Abdel Fattah al-Sisi a bheas mar chomhchathaoirligh ar an gcruinnniú, ar liosta le háireamh na ceannairí idirnaisiúnta a bheas rannpháirteach ann – ina measc Príomh-Aire na Breataine Keir Starmer, Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron, Uachtarán na Tuirce Recep Tayyip Erdogan agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí António Costa.
Tá Uachtarán Údarás Náisiúnta na Palaistíne Mahmoud Abbas rannpháirteach sa chomhdháil freisin.
Níos túisce inniu, in óráid a thug sé uaidh i bparlaimint Iosrael, dúirt Trump go raibh "deireadh tagtha le tromluí na nIosraelach agus na bPalaistíneach araon" tar éis do Rialtas Iosrael agus do Hamas plean síochána Trump maidir le Gaza a thoiliú.

Tráth thar a bheith suntasach é seo d'Iosrael agus don Mheánoirthear, arsa Trump ina óráid.
Mhaígh sé gur "caithréim" a bhí sa sos cogaidh a cuireadh i bhfeidhm in Gaza Dé hAoine seo caite agus ghabh sé buíochas le hidirghabhálaithe ó thíortha Arabacha agus ó thíortha Moslamacha eile as ucht "tuineadh le Hamas na gialla Iosraelacha a bhí faoi choinneáil acu a scaoileadh saor".
Dúirt Trump go raibh gach a bhféadfaí a bhaint amach le forneart, go raibh sin bainte amach ag Iosrael agus go raibh sé in am anois rathúnas a dhéanamh as an mbua.
"Ré úr stairiúil sa Mheánoirthear í seo", a dúirt sé mar Trump.
Tháinig Trump chun an Mheánoirthir inniu lena shéala pearsanta a chur ar an bplean síochána maidir le Gaza a leag sé féin amach i gcomhar le Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu in Washington coicís ó shin.
De réir mar a socraíodh faoin bplean sin, scaoileadh saor ar maidin na gialla Iosraelacha a bhí faoi choinneáil ag Hamas in Gaza.

Thug Hamas an 20 giall ar láimh do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus, mar mhalairt air sin, scaoil na hIosraelaigh saor beagnach 2,000 cime Palaistíneach.
Dar le Hamas gur maraíodh 28 giall eile in ionsaithe buamála a rinne na hIosraelaigh ar na háiteanna ina raibh siad faoi choinneáil agus deir siad go bhfuil na coirp folaithe ag an smionagar.
Deirtear go bhfuil sé i gceist na coirp sin a aimsiú agus a thabhairt ar láimh do lucht na Croise Deirge a thúisce is féidir.

Níl sa mhéid a tharla go dtí seo inniu, áfach ach an chéad chéim i bplean síochána Trump. Tá sé i gceist sa dara céim, i measc nithe eile, údarás idirthréimhseach idirnáisúnta an chumhacht in Gaza a ghlacadh ar láimh ó Hamas.
Beidh tíortha éagsúla bainteach leis an scéal agus dúirt Keir Starmer inniu go mbeadh an Bhreatain toilteanach maoirseacht a dhéanamh ar an sos cogaidh in Gaza agus cuidiú leis an díchoimisiniú atá Hamas in ainm a dhéanamh ar a gcuid arm.

In Éirinn, thug an Tánaiste Simon Harris le fios go gcuirfeadh an tír seo €6 mhilliún breise ar fáil d'eagraíochtaí daonnúla le soláthairtí bia agus leighis a dháileadh ar na hainniseoirí in Gaza.
Dúirt Simon Harris go raibh fulaingt mhuintir Gaza le dhá bhliain "doshamhlaithe" agus d'achainigh sé ar Iosrael soláthairtí fóirthinte a scaoileadh isteach san iamhchríoch arís cead a thabhairt a ndáileadh mar is cóir.
Tá an cinedhíothú atá déanta ag Iosrael ar Phalaistínigh Gaza ó 2023 cáinte os ard agus go minic ag Rialtas na hÉireann.
Áirítear 67,000 duine a bheith maraithe ag na hIosraelaigh le dhá bhliain, gan trácht ar an domhnaíocht daoine a gortaíodh ná ar na coirp atá faoi smionagar na bhfoirgneamh ar fad a leacaíodh.
É sin in éiric an mhórionsaí a rinne Hamas ar dheisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 inar maraíodh 1,200 duine.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ