Tá beirt gafa ag na Gardaí i gCo Chorcaí maidir le marú fir i sráidbhaile Dhún ar Aill i dtuaisceart an chontae ar an deireadh seachtaine.
Ionsaíodh agus maraíodh Barry Daly taobh amuigh dá theach conaithe in Ardán Radharc na Carraige i nDún ar Aill go moch ar maidin inné.
44 bliain d'aois a bhí Barry Daly agus bhí ceathrar clainne air.
Fear sna fichidí agus déagóir atá sa bheirt atá gafa faoina mharú.
Tá scrúduithe teicniúla á ndéanamh ag na Gardaí fós ar láthair an mharaithe agus ar láthair eile i bPáirc Dhún ar Aill.
Déanfar scrúdú iarbháis ar chorp Barry Daly inniu.
Aon duine a bhí i lár Dhún ar Aill idir an meán oíche agus 2 a chlog ar maidin Dé Domhnaigh, tá na Gardaí ag achainí orthu teacht chun cainte leo, go háirithe má tá íomhánna ó cheamara fóin ó cheamara deaise acu.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ