Osclófar go hoifigiúil inniu aonad nua in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, ina bhfuil 96 leaba bhreise.
Ceithre bharda atá san aonad nua, a bhfuil 24 leaba i ngach aon cheann acu agus a mbeidh 400 duine ag obair ann.
Cáineadh seirbhísí cúraim éigeandála i réigiún an Mheániarthair i dtuarascáil a d'fhoilsigh an tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte coicís ó shin agus moladh dul i ngleic leis bhfadhb go pras ar cheann de thrí bhealach.
Moladh ceann acu ospidéal eile le rannóg éigeandála a thógáil; cur leis an rannóg éigeandála atá in Ospidéal na hOllscoile, Luimneach, cheana féin; nó rannóg éigeandála eile a thógáil ar an suíomh céanna.
Is í an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill a osclós an t-aonad nua inniu agus tuigtear go labhróidh sí ar a bhfuil ar intinn ag an Rialtas maidir le seirbhísí cúraim éigeandála sa Mheániarthar a fheabhsú.
Is measa go minic an trangláil sna dorchlaí in Ospidéal Ollscoile Luimnigh thar aon ospidéal eile sa tír agus mórán gach aon lá is ann a bhíonn an líon is mó othar ag fanacht le leaba a fháil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ