Tá Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump tagtha go hIosrael lena shéala pearsanta a chur ar an bplean síochána maidir le Gaza atá leagtha amach aige agus a bhfuil glactha ag Iosrael agus Hamas leis.
Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu agus Uachtarán Iosrael Isaac Herzog, chuir siad fáilte mhór roimh Trump ag Aerfort Idirnáisiúnta Ben Gurion ar maidin inniu.
Tabharfaidh Trump óráid uaidh i bparlaimint Iosrael in iarthar Iarúsailéim ar ball.
De réir mar a socraíodh faoin bplean síochána, scaoileadh saor ar maidin na gialla Iosraelacha a bhí faoi choinneáil ag Hamas in Gaza.
Thug Hamas an 20 giall ar láimh do Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge agus, mar mhalairt air sin, scaoil na hIosraelaigh saor beagnach 2,000 cime Palaistíneach.

Tráthnóna, in Sharm El-Sheikh san Éigipt, tionlófar cruinniú mullaigh idirnáisiúnta maidir lena bhfuil i ndán do Gaza.
Is iad Trump agus Uachtarán na hÉigipte Abdel Fattah al-Sisi a bheas mar chomhchathaoirligh ar an gcruinnniú, ar liosta le háireamh na ceannairí idirnaisiúnta a bheas rannpháirteach ann, leithéidí Phríomh-Aire na Breataine Keir Starmer, Uachtarán na Fraince Emmanuel Macron agus Uachtarán na Comhairle Eorpaí António Costa.
Agus é ar a bhealach go hIosrael as Washington ar maidin, d'fhógair Trump "go raibh an cogadh thart" agus dúirt gur chreid sé "go mairfeadh an tsíocháin".
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ