Tá sé séanta ag iarrthóir Fhine Gael sa toghchán Uachtaránachta Heather Humphreys go bhfuil feachtas clúmhillte ar bun ag an bpáirtí sin in aghaidh an iarrthóra neamhspleách ón eite chlé Catherine Connolly.
Dúirt Heather Humphreys gur feachtas cothrom a bhí ar bun aici agus nach raibh a fhios aici cad é a bhí ar intinn ag ceannaire Pháirtí an Lucht Oibre Ivana Bacik a mhaígh go raibh Fine Gael ag iarraidh míchlú a chur ar Catherine Connolly.
Tá baint ag an scéal leis an méid a dúirt Ivan Yates, iarAire Rialtais de chuid Fhine Gael, sa phodchraoladh is deireanaí uaidh.
Mhol Ivan Yates d'Fhine Gael feachtas clúmhillte in aghaidh Catherine Connolly a chur sa siúl.
Thug sé le fios go deimhin nár mhiste míchlú an diabhail a chur uirthi agus faitíos ina leith a chothú i measc an phobail.
Dúirt Catherine Connolly go raibh sí suaite go mór ag caint sin Ivan Yates.
Is mór an náire caint mar í, arsa sí, go háirithe ag am a theastaíonn áiteanna sábháilte le plé réasúnach a dhéanamh ar cheisteanna casta.
I gCluain Meala a bhí Catherine Connolly inniu, áit a ndúirt sí go mb'fhéidir go ndearna Ivan Yates gar di agus do mhuintir na hÉireann araon sa mhéid gur nocht sé gan drogall cad é a bhí ar bun ag Fine Gael.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ