skip to main content

Príosún saoil gearrtha ar fhear a dhúnmharaigh a iníon óg

Malika Noor Al Kattib a dúnmharaíodh i gCo Loch Garman ar an 1 Nollaig 2024
Malika Noor Al Kattib a dúnmharaíodh i gCo Loch Garman ar an 1 Nollaig 2024

Tá fear 35 bliain d'aois tar éis pléadáil ciontach i ndúnmharú a iníne agus in iarracht a dhéanamh a bhean chéile a dhúnmharú i gCo Loch Garman anuraidh.

Sin é Mohammed Al Shaker Al Tamimi, as Sráid Liam Íochtarach i Ros Mhic Thriúin, a d'admhaigh sa Phríomh-Chúirt Choiriúil inniu gur dhúnmharaigh sé Malika Noor Al Kattib, a bhí ocht mbliana d'aois, agus go ndearna sé iarracht a máthair, Aisha Noor Al Kattib, a dhúnmharú.

Ionsaíodh agus sádh an bheirt ina dteach cónaithe i Ros Mhic Thriúin ar an 1 Nollaig 2024.

Dúradh thar ceann Aisha Noor Al Kattib nach raibh sí in araíocht ráiteas tionchair íospartaigh a dhéanamh os comhair na cúirte faoi láthair.

Dúradh go ndéanfadh sí iarracht an ráiteas a dhéanamh nuair a ghearrfaí pianbhreith ar a fear céile i gceann dhá mhí.

D'iarr abhcóide Mohammed Al Shaker Al Tamimi go leanfaí ag cur cóireáil leighis ar a chliant sa phríosún.

Cuireadh an ciontach siar faoi choinneáil go dtí an 15 Nollaig, tráth a ghearrfar príosún saoil air de réir mar atá sainordaithe i gcásanna dúnmharaithe.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ