Tuairiscítear go bhfuil fórsaí míleata Iosrael tarraingthe amach as roinnt ceantar in Gaza, lena n-áirítear Cathair Gaza agus Khan Younis, tar éis do rialtas na tíre sin glacadh i gcruinniú tráthnóna inné le plean síochána Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu, áfach, nach gcuirfí i bhfeidhm an sos comhraic atá beartaithe agus nach síocháin go dtí é, nach gcuirfí i bhfeidhm é go ceann 24 uair an chloig i ndiaidh an chruinnithe sin.
Is léir go raibh Netanyahu dáiríre faoi sin ó tuairiscítear go ndearna fórsaí Iosrael ionsaithe buamála ón aer agus ón talamh ar Khan Younis agus ar áiteanna eile ó thuaidh den chathair sin ar maidin.
De réir tuairiscí eile, tá an sos comhraic curtha i bhfeidhm ag na hIosraelaigh ó shin in ainneoin nach bhfuil an 24 uair úd caite fós.

De réir plean Trump, tarraingeoidh na hIosraelaigh siar go línte tosaigh nua in Gaza le rún tarraingt amach as an iamhchríoch go hiomlán ar deireadh.
Tá an 20 giall Iosraelach atá faoi choinneáil ag Hamas in Gaza le scaoileadh saor gan mhoill, faoin Luan seo chugainn b'fhéidir, mar mhalairt ar na céadta cimí Palaistíneacha atá faoi choinneáil in Iosrael.
Siúd is nach bhfuil sa mhéid sin ar fad ach na chéad chéimeanna sa chéad chuid de phlean Trump, tá caint ar ócáid mhór a reáchtáil san Éigipt leis an gcor suntasach seo i scéal coscrach an Mheánoirthir a cheiliúradh.
Is in Sharm El-Sheikh san Éigipt arú aréir a tháinig Iosrael agus Hamas ar chomhaontú faoin bplean agus tá guthaíocht mhór ag an tir sin ar an gcúis, cad eile.
Tuigtear freisin go bhfuil Trump le dul go hIosrael an Domhnach beag seo – agus deirtear go mb'fhéidir go dtabharfadh sé sciuird ar Gaza ina dhiaidh sin – i riocht agus go gcuirfeadh sé a shéala pearsanta ar an bplean síochána.
Ar a shon sin, fiú má chuirtear an chéad chéim den phlean i bhfeidhm, d'fhéadfaí dul in abar leis an dara céim.
Cuir i gcás, níl aon fhonn ar Hamas a gcuid arm a chur de láimh ná glacadh le húdarás idiirthréimhseach in Gaza a mbeadh Trump ar a cheann.
Tá tuilleadh eolais tugtha faoin mbaint dhíreach a bheas ag Meiriceá le feidhmiú an phlean.
Tá 200 oifigeach míleata Meiriceánach le dul chuig an Meánoirthear leis an gcomhaontú síochána a mhaoirsiú, mar a dúradh, i gcomhar le hoifigigh ón Éigipt, ó Chatar, ón Tuirc agus ó Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha.
Cinnteoidh na hoifigigh sin nach bhfuil an sos comhraic á shárú ag aon dream agus déanfaidh siad maoirseacht ar dháileadh soláthairtí bia agus leighis, a dúradh.
Oifigigh a bhfuil dintiúir phroifisiúnta éagsúla acu atá i gceist, lena n-áirítear lóistíocht, innealtóireacht, agus slándáil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ