Sa Phríomh-Chúirt Choiriúil, gearradh príosún saoil ar fhear 56 bliain d'aois faoi bhean a dhúnmharú nuair a chuir sé a teach cónaithe trí thine i mBaile Átha Cliath beagnach trí bliana ó shin.
Sin é George Turner, as Ascaill Fhionnradhairc i mBaile Átha Cliath, a phléadáil ciontach níos túisce an tseachtain seo i ndúnmharú Emma Costello McCrory a bhfuair an tseirbhís dóiteáin a corp sa teach ar Bhóthar Bhinn Éadair i gCluain Tarbh ar an 15 Nollaig 2022.
45 bliain d'aois a bhí Emma Costello McCrory agus bhí beirt chlainne uirthi.
Labhair a máthair, Pauline Costello, os comhair na cúirte inniu agus dúirt go raibh sí croíbhriste ag bás a haon iníne.
Ní dhéanfar dearmad go deo ar Emma, arb é scéal a beatha seachas scéal a báis is mó a mbeidh cuimhne air, arsa an mháthair.
Dúirt dlíodóirí George Turner go raibh an-aiféala air faoina raibh déanta aige.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ