skip to main content

Duais Síochána Nobel bronnta ar María Corina Machado

Tá María Corina Machado ar a coimeád ó na húdaráis i Veiniséala le bliain
Tá María Corina Machado ar a coimeád ó na húdaráis i Veiniséala le bliain

Is í an polaiteoir freasúra as Veiniséala, María Corina Machado, buaiteoir Dhuais Síochána Nobel na bliana seo.

D'fhógair Coiste Nobel na hIorua gur as a cuid oibre gan stad ar son chearta daonlathacha mhuintir Veiniséala a bronnadh an gradam uirthi.

Thug an coiste le fios gur bean í María Corina Machado, thar aon cheann eile dá suáilcí, atá in ann grúpaí éagsúla freasúra a thabhairt le chéile le dúil Veiniséala a athrú ó dheachtóireacht go stát daonlathach.

Eiseamláir is ea an t-an-mhisneach atá aici, a dúradh.

Tá María Corina Machado ar a coimeád ó na húdaráis le bliain ach tá sí fós ina cónaí i Veiniséala.

Ainneoin na mbagairtí ar fad a rinneadh agus a dhéantar uirthi, níl lá rúin aici teitheadh as Veiniséala, ar sí, diongbháilteacht a thugann misneach dá comhthírigh an fód a sheasamh ina teannta, a dúirt an coiste.

Bronnfar an duais ar María Corina Machado ag searmanas a bheas ar siúl in Osló ar an 10 Nollaig.

Gach seans gur ar nasc físe óna háit folaigh a ghlacfaidh sí an gradam.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ