skip to main content

Ráta an bhoilscithe ardaithe go dtí 2.7%

Ardú de 27 cent tagtha ar dhá lítear bainne lánmhéathrais le bliain
Ardú de 27 cent tagtha ar dhá lítear bainne lánmhéathrais le bliain

Léiríonn figiúirí nua ón bPríomh-Oifig Staidrimh gur ardaigh ráta an bhoilscithe go dtí 2.7% an mhí seo caite, le hais 2% an mhí roimhe sin.

Ní raibh ráta an bhoilscithe chomh hard le hocht mí dhéag, mí an Mhárta anuraidh, tráth ar 2.9% a bhí ann.

Praghas bia agus deochanna neamh-mheisciúla is mó a dhaoraigh ó Mheán Fómhair anuraidh, ardú de 4.7% ar an meán.

Ardú as cuimse de 23.6% a tháinig ar mhairteoil agus ar laofheoil i gcaitheamh na bliana sin, ardú de 12.1% ar bhainne agus ardú de 11.7% ar im.

€6.07 atá ar an bpionta pórtair anois, sin 25 cent níos daoire ná anuraidh, ach tá 2.5 cileagram de phrátaí 42 cent níos saoire.

Dhaoraigh táillí árachais sláinte agus mótarárachais, áfach, chomh maith le seirbhísí cúraim leanaí.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ