skip to main content

'Aiféala ar cheannasaíocht Fhianna Fáil faoi praiseach toghcháin'

Leithscéal gafa ag Jack Chambers le ballraíocht Fhianna Fáil faoin bpraiseach a rinneadh d'fheachtas Uachtaránachta an pháirtí
Leithscéal gafa ag Jack Chambers le ballraíocht Fhianna Fáil faoin bpraiseach a rinneadh d'fheachtas Uachtaránachta an pháirtí

Dúirt an tAire Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe Jack Chambers go raibh an-aiféala air faoin gconspóid a tarraingíodh faoi iarrthóir Uachtaránachta Fhianna Fáil Jim Gavin a mb'éigean dó éirí as an toghchán dá bharr.

Ba é Jack Chambers stiúrthóir toghcháin Fhianna Fáil.

D'éirigh Jim Gavin as an toghchán Dé Domhnaigh seo caite nuair a tháinig sé chun solais nár íoc sé airgead ar ais le tionónta a bhí aige sé bliana déag ó shin.

Bhí cruinniú ag páirtí parlaiminte Fhianna Fáil tráthnóna inné leis an scéal a phlé agus dúirt Jack Chambers go raibh daoine sa chruinniú trína chéile agus thar a bheith díomách faoinar tharla.

Ag labhairt dó i gCorcaigh inniu, ghabh sé leithscéal le lucht tacaíochta Fhianna Fáil faoin mbaint a bhí aige leis an bpraiseach agus dúirt go dtiocfadh ciall cheannaithe as.

Ceannaire Fhianna Fáil, an Taoiseach Micheál Martin, ghabh sé féin leithscéal sa chruinniú tráthnóna inné faoin gcaoi ar láimhseáil sé feachtas Uachtaránachta an pháirtí.

Dúirt sé, más ea, go raibh sé i gceist aige a bheith i gceannas ar Fhianna Fáil fós nuair a ghairmfí an chéad olltoghcán eile.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ