Dúirt an tAire Sláinte Jennifer Carroll MacNeill ó Fhine Gael nach raibh aon ghlacadh aici leis an bhfreagra a thug an t-iarrthóir Uachtaránachta ón eite chlé Catherine Connolly ar cheist hipitéiseach a cuireadh uirthi agus í faoi agallamh ar an stáisiún raidió Newstalk.
D'fhiafraigh an t-agallóir de Catherine Connolly an mbeadh sí sásta duine a bhí ciontaithe in éigniú a fhostú mar chúntóir i nDáil Éireann dá mbeadh na cáilíochtaí cuí ag an duine sin.
Tháinig an cheist aniar aduaidh ar Catherine Connolly agus d'fhreagair sí go gcaithfeadh a machnamh a dhéanamh ar a leithéid de chás dá dtiocfadh sé i gceist.
Bhain ceist an agallóra leis an gconspóid a tarraingíodh nuair a tháinig sé chun solais an tseachtain seo caite gur fhostaigh Catherine Connolly iarphríosúnach mná mar fheidhmeannach riaracháin ina hoifig i nDáil Éireann agus a ndúirt sí fúithi go raibh na cáilíochtaí cuí aici.
Gearradh sé bliana príosúin ar an mbean in 2014 faoi airm thine agus armlón a bheith ina seilbh aici agus bhí sí ag obair do Catherine Connolly ar feadh sé mhí in 2019 cé nach raibh imréiteach slándála ceadaithe ag na Gardaí di.
Mar leis an gceist hipitéiseach, dúirt Jennifer Carroll MacNeill nár thuig sí cén fáth gur thug Catherine Connolly freagra débhríoch uirthi.
Dúirt Catherine Connolly ó shin, áfach, gur léirigh a raibh le rá ag Jennifer Carroll MacNeill go raibh imní ar Fhine Gael faoina fheabhas a bhí ag éirí léi san fheachtas toghcháin agus dúirt nach bhfostódh sí aon duine a bhí ar chlár na gciontóirí gnéis.
Bhí ceist eile le freagairt ag Catherine Connolly inniu ó tarraingíodh aird inné ar an liúntas de €3,700 a fuair sí le cuairt a thabhairt ar an tSiria in 2018.
Thug sí le fios inniu go bhfuil gach Teachta Dála i dteideal liúntais mar é agus dúirt nach raibh dada as bealach déanta aici.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ