Tá sé tugtha le fios ag Iosrael agus Hamas go bhfuil siad tagtha ar chomhaontú faoin gcéad chuid den phlean síochána maidir le Gaza atá molta ag Uachtarán na Stát Aontaithe Donald Trump.
Is i gcomhráite atá ar siúl ó thús na seachtaine in Sharm El-Sheikh san Éigipt a thángthas ar an socrú nár tugadh aon mhioneolas faoi fós.
Ar a shon sin, dúradh go dtarraingeodh fórsaí míleata Iosrael in Gaza, go dtarraingeoidís siar píosa – ní hionann agus tarraingt amach – agus tuairiscítear gur gheall Hamas an 20 giall Iosraelach atá faoi choinneáil acu in Gaza a scaoileadh saor gan mhoill mar mhalairt ar chimí Palaistíneacha atá faoi choinneáil in Iosrael.
Mar leis na gialla Iosraelacha, dúirt Trump gur dóichí gur Dé Luain seo chugainn a scaoilfí saor iad.
Dar le Hamas gur maraíodh 28 giall eile in ionsaithe buamála a rinne na hIosraelaigh ar na háiteanna ina raibh siad faoi choinneáil agus go bhfuil na coirp folaithe ag an smionagar.
Dúirt Príomh-Aire Iosrael Benjamin Netanyahu go dtiocfadh comhaireacht na tíre le chéile inniu le toiliú go foirimiúil leis an socrú a rinneadh in Sharm El-Sheikh.
In Gaza agus in Iosrael araon, thóg na sluaite daoine na gártha buíochais nuair a tháinig an scéala aréir.
Má chuirtear i bhfeidhm ar socraíodh in Sharm El-Sheikh, díreofar ar an gcéad chuid eile de phlean síochána Trump ina moltar údarás idirthréimhseach idirnáisúnta an chumhacht in Gaza a ghlacadh ar láimh ó Hamas.
Is é iarPhríomh-Aire na Breataine Tony Blair a bheadh i gceannas ar an údarás úd.

Ní ar thalamh slán atá an chéad chuid den phlean, áfach, gan an dara cuid a bhac, ó tá áiteanna in Gaza fós á mbuamáil ag na hIosraelaigh inniu.
Áirítear 67,000 Palaistíneach ar a laghad a bheith maraithe ag na hIosraelaigh in Gaza le dhá bhliain, gan trácht ar an uimhir as cuimse atá donaithe acu ná ar an ngorta atá curtha acu ar an áit.
Is in éiric an 1,200 duine a mharaigh Hamas i ndeisceart Iosrael ar an 7 Deireadh Fómhair 2023 atá an t-ollár á imirt ag Iosrael ar Phalaistínigh Gaza.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ