Tá os cionn 73,000 dalta scoile ag fáil thorthaí scrúduithe na Sraithe Sóisearaí ó mhaidin inniu.
Seo an tríú bliain as a chéile a rinne níos mó ná 70,000 duine na scrúduithe sin.
Mar gheall ar leasuithe atá déanta ar ghrádú, bronnadh 'Gradam' ar bhreis agus a dhá oiread daoine i mbliana i gcomórtas le 2024, mar atá, 8.6% i gcomórtas le 3.6%.
Roimhe seo, chaithfeadh duine marc de 90% a fháil le Pas le hArdghradam a thuilleamh ach athraíodh é sin go 85%.
Mar leis an ngrád díreach faoina bhun sin, Pas le Gradam, chaithfí roimhe seo marc de 75% a fháil ach athraíodh é siúd go 70%.
Rinneadh na leasuithe mar gur maíodh go raibh sé ródheacair ag na daltaí na gradaim is airde sin a bhaint amach agus dúradh go raibh sin ag dul i gcion ar a bhforbairt oideachasúil.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ