skip to main content

'Déanann daoine meancóga' – iarthionónta Jim Gavin

Niall Donald, Leas-Eagarthóir an Sunday World ag caint ar an bpodchraoladh Crime World
Niall Donald, Leas-Eagarthóir an Sunday World ag caint ar an bpodchraoladh Crime World

Tá sé deimhnithe ag Leas-Eagarthóir nuachtán an Sunday World Niall Donald gurb é féin an té nár íoc Jim Gavin suim airgid ar ais leis sé bliana déag ó shin.

Tuairiscíodh ar an Irish Independent Dé Sathairn seo caite gur íoc iarthionónta le Jim Gavin €3,300 leis de dhearmad, gur iarr an duine sin ar ais é, ach gur thug an Gábhánach neamhaird air.

Iarrthóir Fhianna Fáil sa toghchán Uachtaránachta ab ea Jim Gavin nó gur éirigh sé as an rás Dé Domhnaigh seo caite i bhfianaise na conspóide.

Ag labhairt dó le Nicola Tallant ar phodchraoladh Crime World an Sunday World, dúirt Niall Donald go raibh scéal an airgid ar eolas ag go leor daoine le fada.

Thug sé le fios gur inis sé an scéal le gairid d'iriseoirí ón Irish Independent agus ón Sunday Independent atá ag obair san oifig chéanna leis.

Dúirt sé freisin go raibh díomá air nuair a mhaígh Jim Gavin nach raibh aon chuimhne aige ar an airgead.

Os a choinne sin, arsa Niall Donald, thuig sé go raibh comhthéacs ag baint leis an scéal nuair a chuala sé go raibh deacrachtaí airgeadais ag Jim Gavin ag an am agus dúirt gur dóichí nach raibh an t-airgead aige lena íoc ar ais.

Thug an t-iriseoir le fios chomh maith go raibh trua aige do Jim Gavin tar éis don scéal teacht chun solais.

Tar éis an tsaoil, arsa sé, déanann daoine meancóga.

Dhearbhaigh Niall Donald nár íocadh an t-airgead ar ais leis fós agus nach raibh aon scéal faighte aige ó Jim Gavin ach an oiread.

Dúirt sé, más ea, nach mbeadh sé ag dul sa tóir ar an airgead.

Ó cuireadh an podchraoladh sin amach, thug Jim Gavin le fios go bhfuil sé i gceist aige an t-airgead a íoc ar ais.

I ráiteas a tháinig ó fhoireann dlí an Ghábhánaigh tráthnóna, dúradh go ndearnadh teagmháil le Niall Donald agus gealladh an t-airgead a íoc ar ais leis ach dhá cheist a shoiléiriú leis ar dtús.

Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ