Beidh cruinniú ag páirti parlaiminte Fhianna Fáil i dTeach Laighean tráthnóna inniu leis an tubaiste a bhain don pháirtí sa toghchán Uachtaránachta a chíoradh.
Iarrthóir Fhianna Fáil sa toghchán Uachtaránachta, Jim Gavin, d'éirigh sé as an rás Dé Domhnaigh seo caite nuair a tháinig sé chun solais nár íoc sé airgead ar ais le tionónta a bhí aige sé bliana déag ó shin.
Tuairiscíodh ar nuachtán an Irish Independent gur íocadh €3,300 le Jim Gavin de dhearmad, gur iarr an tionónta ar ais é ach gur thug an Gábhánach neamhaird air.
Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Feisirí Eorpacha Fhianna Fáil, pléifidh siad sa chruinniú tráthnóna freisin an chaoi ar roghnaíodh Jim Gavin mar iarrthóir an pháirtí ar an gcéad ásc.
Dúirt ceannaire Fhianna Fáil, an Taoiseach Micheál Martin, gur air féin a bhí an fhreagracht iomlán as an tubaiste agus ghlac sé leis, arsa sé, go raibh an scéal ag goilleadh ar bhallraíocht an pháirtí.
A labhairt dó ar RTÉ aréir, dúirt sé chomh maith gur le dea-rún a mhol sé agus a chuir sé Jim Gavin chun cinn mar iarrthóir an pháirtí.
Inniu, dúirt an tAire Tithíochta James Browne nach raibh ceannasaíocht Mhicheál Martin ar Fhianna Fáil i gcontúirt de bharr ar tharla.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ