Tuairiscítear go bhfuil cúigear Éireannach i measc na ndaoine a gabhadh nuair a stop fórsaí míleata Iosrael roinnt bád ó chabhlach atá ag iarraidh a slí a dhéanamh go Gaza le soláthairtí bia agus leighis a dháileadh ar lucht an chaill ansin.
Tá an Teachta Dála Neamhspleách Barry Heneghan agus an t-udar Naoise Dolan ar bord an Milad, ceann de thrí bhád a deirtear a stop na hIosraelaigh in oirthear na Meánmhara.
Dúirt an Tánaiste Simon Harris gurb é sábháilteacht na nÉireannach atá páirteach sa loingeas fóirithinte is mó is cás leis agus dhearbhaigh sé go bhfuil Ambasáid na hÉireann in Tel Aviv ag caint leis na húdaráis in Iosrael faoin gcúis.
Thug Simon Harris le fios gur dóichí go dtabharfar na hÉireannaigh go calafort Ashdod in Iosrael agus as sin go hionad coinneála in aice le Tel Aviv, áit a rachaidh foireann ó Ambasáid na hÉireann ar cuairt chucu a luaithe a fhéadfaidh siad.
Nuacht agus Cúrsaí Reatha RTÉ